Zinedine Zidane

1.   Rugadh Zinedine Zidane i gcathair Mharseille sa Fhrainc.  ‘ La Castellane ‘ is ainm don áit.  Ceantar bocht, garbh lán le imircigh.  ‘ Quartier difficile’ mar a ghlaoitear air. Bhog a lán imircigh ann sna 50 agus sna 60.  Is muislimeach é ach ní chleachtann sé.

2.   Nuair a bhí Zidane óg, tugadh a dhearthaireacha ‘ Yaz ‘ air.  Buachaill ciúin, eaglach, umhal a bhí ann.  Ni raibh sé muiníneach as fein ar chor ar bith, bhí sé cúthaileach.  I 1992, phós sé Veronique agus tá triúr bhuachaill acu.

3.   Bhi a chuid peile i gcónaí lan le teicniocht agus ailleacht .  Ach tugadh faoi deara freisin go mba choir dó bheith foreigeanach freisin.  Sampla amhain, thug se buille cinn do Kientz ó Hamburg i 2000 agus é ag imirt le Juventus.

4.  Nuair a bhi sé ag imirt le AS Cannes, d’ionsaigh sé lucht leanúna a bhí ag maslú a mhuintir.  Chaith sé seal freisin le Bordeaux, áit a bhfuair sé an leasainm ‘ Zizou ‘.   

5.   Nuair a shroich sé Juventus i 1996, bhí an smacht i bhfad níos fearr aige.  Mar dhuine, bhí sé an-dílis go deo dá bhean agus dá chlann.  Chonaic sé é féin mar ‘ Kabylie ‘ ó La Castellane, ansin mar Ailgéireach ó Mharseille agus faoi dheireadh mar Fhrancach.   Tá sé fíor-bhródúil as a oidhreacht Ailgéireach.  Nuair atá sé sa bhaile, leanann sé ‘ Olympique de Marseille ‘.

6.   Mar chathair, tá  Marseille crua, garbh.  Ní fhéachann formhór muintir La Castellane orthu féin mar Fhrancaigh.

Republic of Ireland v France

Roy Keane agus Zidane

7.   Tá an-mheas ag lucht peile ar Zidane. Labhraíonn Aimé Jacquet, coitseálaí 1998, ar an uaillmhian ( ambitition ) atá aige.  Tá dúil ag Zidane a bheith ag feabhsú an t-am ar fad.  Bíonn sé i gcónaí ag obair air féin.  100% Peil.  Dúirt Beckham gurb é Zidane an t-imreoir is fearr ar domhan é.  Dúirt Thierry Henry gur fíor ceannaire é gur féidir leo brath air.

8.  Níl mórán suime ag Zidane sa pholaitaíocht ach tá sé go mór i gcoinne ciniochais ( racism ).   Is é Zidane aghaidh phoiblí ‘ imircigh óga na bhFraince ‘ .  ‘ Génération Zidane ‘ a thugtar air.  Tá Zidane go mór in aghaidh ‘ Le Front National ‘.  Mhúin Smail, a athair dó go mbeadh ar imirceach a bheith i gcónaí ag obair go crua.  Thug m’athair inspioráid mór dom, arsa Zidane.

9.  Na laethanta seo, tá Zidane ag imirt le Real Madrid i gcuideachta Ronaldo, Figo, Roberto Carlos, Beckham agus Michael Owen.  Tá realta an domhain ag imirt ar an bhfoireann sin.

———————————–