Paul McGrath

                   An Péarla Dubh

 1.     In Ealing, Londain a rugadh Paul McGrath ar an gceathrú lá de Mhí na Nollag, naoi déag caoga naoi (59). Fear ón Nígéir, in iarthar na hAifrice, ba ea a athair. Ach thug a mháthair Eireannach, Betty, go Baile Atha Cliath é nuair a bhí sé 3 mhí d’aois. Bhí cónaí orthu i gCroimghlinn ach chuir Betty i ndílleachtlann é mar bhí sé deacair uirthi Paul a choimead ag an am sin. Paul Nwobilo a bhí air.  

2.     Ina óige, d’imir Paul le Dalkey United agus le St Patrick’s Athletic. Chaith Paul bliain le ‘ Pats’ agus bhuaigh sé an gradam PFAI (Imreoir na bliana) ag deireadh na bliana sin. Thug lucht tacaíochta ‘ St Pats’   ‘ The Black Pearl of Inchicore ‘ air.

3.     Sa bhliain 1982, cheannaigh Man Utd é ar Chaoga míle euro (50,000). Ach ní raibh na blianta sin ar fheabhas in Old Trafford. An t-aon trófaí amháin a bhuaigh siad ná Corn an FA i 1985. Bhuaigh siad ar Everton 1-0. Sa chluiche sin, cuireadh Kevin Moran den pháirc agus fuair McGrath an gradam ‘ laoch na himeartha’. Dhíol Alex Ferguson é mar gheall ar chúrsaí óil.   

4.     Cheannaigh Aston Villa seirbhísí Paul i 1989. D’imir sé thar cionn agus bhuaigh sé an gradam ‘ Imreoir na Bliana’ sa chlub ceithre bliana as a chéile. Ina chéad séasúr leo, tháinig Villa sa dara háit sa léig, taobh thiar do Liverpool. Sa bhliain naoi déag nócha trí (93), bhuaigh Paul an gradam PFA (Imreoir na bliana). Tugadh an leasainm ‘God’ ar Paul McGrath. Thaitin sé go mór le lucht tacaíochta Aston Villa. 

5.     Ina bhlianta deireanacha le Aston Villa, bhí fadhb mhór ag Paul lena ghlúin agus ní raibh sé ábalta traenáil i gceart. Thar na blianta, bhí 8 obráid glúine aige. Chaill sé a áit sa chéad fhoireann agus sa deireadh shocraigh sé dul go Derby County faoin mbainisteoir Jim Smith.

6.     Ar ndóigh, níl anseo ach leath an scéil. Rinne a thréimhse mar imreoir idirnáisiúnta d’Eirinn laoch ollmhór de Paul McGrath. D’imir sé idir 1985 – 1997. Sa bhliain naoi déag nócha dó (92), bhí sé ina chaptaen ar fhoireann na hEireann.

7.     Sa bhliain 1994, tharla an cluiche ba stairiúla i gcoinne na hIodáile i ‘Giants Stadium’ i gcorn an domhain. Bhuaigh Eire 1-0, le cúl iontach ó Ray Haughton. Bhí McGrath thar cionn sa chluiche, ag cosaint is ag cosaint le leitheidí Roberto Baggio ar an bhfoireann eile. Bhí Roy Keane ar fheabhas freisin i lár na páirce. Ní dhéanfar dearmad riamh ar an ngaisce a rinne Paul McGrath dúinn.     

1997 Wales v Republic of IrelandMark Hughes  agus Roberto Baggio.

 ===============================================================