Muhammad Ali

B. Lambe  –

1. Rugadh Cassius Marcellus Clay i Louisville , Kentucky.  An tráth sin, bhí a lán bochtanais i measc lucht gorm Mheiriceá. Bhí fadhbanna fostaíochta agus neart deacrachtaí le cearta síbhialta.

2.  Ag aois 12 i 1954, thosaigh Ali ar an dornálaíocht.  Ón tús, thaitin sé go mór leis.  Bhí sé soiléir go raibh bua na dornálaíochta aige.  Bhí sé ard, aclaí, láidir agus an-tapaidh.  Ach mar dhuine, thaitin Ali go mór le daoine.  Bhí tréithe speisialta pearsanta aige.  Bhí croí mór ann, fíor shuim aige i ndaoine.  Bhíodh am aige do dhaoine bochta, do sheandaoine, daoine ar mhíchumas. ‘ He delighted in entertaining people. This was fuelled by his intense need to be loved. Ali loved himself.  He was never self-critical. Ali loved to make a girl laugh and he was very good at it.  Sa tslí sin, bhí sé an-difriúil le Sonny Liston agus Mike Tyson, beirt a chaith go dona le mná.

Sa chró, bhí Ali ina lúthchleasaí as an gnáth.  Bhí sé an-chrua agus cumhachtach. Bhris sé na rialacha dornálaíochta ar fad. ‘ Look at the way he holds his left hand down after he jabs.  He gonna get killed when he turns pro ‘  Ní mar sin a tharla sé.  Rinne siad go léir gach iarracht Ali a bhualadh, thar an lámh chlé sin, ach níor éirigh leo.  Bhí sé ró-ard agus ró-ghasta.   Bhí Ali go fiochmhar sa chró ach taobh amuigh, an té ba shéimhe a bhí riamh ann.  Fear uasal a raibh cion mór ag daoine air.

3.  I 1960, bhí Ali ar fhoireann Oilimpeach na Stáit Aontaithe.  Bhí na cluichí sin ar siúl sa Róimh.  D’éirigh le Mohammed Ali bonn óir a bhaint amach.  Bhí gliondar air.  Ach nuair a tháinig Ali abhaile go Meiriceá, diúltaíodh seirbhís dó i mbialann ‘ bán ‘.  Tháinig fearg mhór air agus chaith  sé a bhonn Oilimpeach isteach in abhann Ohio.  

4.  I mí Deireadh Fomhair 1960, thosaigh Ali mar dornálaí proifisiúnta.  Bhuaigh sé 19 mbabhta as a cheile.  As an 19 troid, bhí 15 ina ‘ KO ‘ glan. Bhí féin-mhuinín iontach ag Ali. ‘ I am the Greatest ‘ I’m not the greatest, I’m the double greatest.  Not only do I knock ‘em out, I pick the round’.

5.   I 1964, bhí troid aige in aghaidh Sonny Liston, curadh trommheáchan an domhain. Ghlaoigh Ali ‘The big ugly Bear ‘ ar Liston, ‘ because he’s ugly and smells like a bear’.  Duine fíochmhar, láidir sinister’garbh a bhí i Liston ach fuair Ali an lámh in uachtar air.  Ní fhaca Sonny Liston dornálaí chomh tapaidh riamh.  Bhí gluaiseacht dochreidte aige. Bhí Ali ina churadh domhanda.  Now that you are champion, what do you plan to do next ? ‘As champion of the whole world, I plan to travel all over the world and meet with the great leaders of the world ‘ He saw his championship belt as the emblem of an international ambassadorship.   Bhí Ali i gcónaí ag magadh faoi na dornálaithe eile. ‘ ‘Float like a butterfly, sting like a bee. Your hands can’t hit what your eyes can’t see. ‘ Rumble, young man, rumble ! ‘‘The great white Dope’ ‘ The rabbit…in the ring, he’s frightened like a rabbit, ‘The washerwoman…he punches like a woman who’s washing clothes.  D’úsáid Ali na mílte leasainmneacha chun cur isteach ar dhaoine.    D’athraigh Ali a ainm ó  ‘ Cassius Clay ‘ go Mohammed Ali.  Ainm sclábhaíochta a bhí ann dar le Ali. Bhí sé ina muislimeach dubh anois.

6.  I 1967, dhiúltaigh Ali dul isteach in arm Mheiriceá.  Ní raibh sé sásta dul go Vietnam. ‘ I ain’t got no quarrel with them Vietcong, no Vietcong ever called me nigger ‘ . ‘they ask me to put on a uniform, go 10,000 miles, drop bombs on brown people in Vietnam while so-called Negro people in Louisville are treated like dogs ? Tugadh téarma príosúin dó agus chaill sé a cheadúnas dornálaíochta..

7.  I 1971, chaill sé in aghaidh Joe Frazier.

8.  I 1974, bhuaigh sé in éadan  Joe Frazier.

Ali agus Elvis Presley

9.  Mí Dheireadh Fómhair 1974, bhí sé ina laoch arís.  Bhuaigh sé in éadan George Foreman.  Babhta cáiliúil ag an am, a tharla san Afraic. ‘ Rumble in the Jungle ‘ a thug siad air.  Rinneadh scannán de.

10.  I 1975, throid sé in aghaidh Joe Frazier arís. ‘ Thrilla in Manila ‘ an t-ainm a bhí ar an mbabhta.  D’éirigh le Ali.

Michael Jackson agus Ali

11.  Feabhra, 1978, chaill sé i gcoinne Leon Spinks i Las Vegas.  Sa bhliain chéanna, bhuaigh sé in aghaidh Spinks.

12.  I 1979, ag aois 37, d’éirigh Ali as an dornálaíocht.

13.  Sa bhliain 1980 , tháinig sé ar ais ach bhuail Larry Holmes agus Trevor Berbick go dona chun talaimh é.  D’éirigh Ali as don uair dheireanach.

Na Beatles

14.  Sa bhliain 1996, las Ali an tóirse oilimpeach in Atlanta.  Ónóir an-mhór dó.

Paul McGrath

15. Bhí Ali i mbaile Atha Cliath ag an searmanas oscailte de na ’cluichi oilimpeacha speisialta 2003.  Faraor, tá galar Parkinson’s aige anois, de thoradh ar na mílte buillí dá cheann thar na blianta.  I’ve got Parkinson’s. They thought I was Superman. Now they can say ‚ he’s human, like us’.(1988)   Tá an-ghean ag daoine go domhanda air.  Faigheann sé moladh agus aitheantas ar fud an domhain go fóill.  Nuair a d’fhéach daoine air‚ ní fhaca siad ‚’fear gorm’ chonaic siad Ali amháin.  Gorm nó bán, thaitin sé le chuile dhuine.  ’ This man helped give an entire people the will to make themselves better ‚’ a dúirt Arthur Ashe, an chéad fhear gorm a bhuaigh Wimbledon riamh.

16.  Mar sin féin, tá cúpla aiféala air faoi chúpla rud. Ní thugann sé maithiúnas dó féin chomh tapaidh sin. Bhi sé ró-bhruidiúil sa chró le dornálaithe éagsúla cosúil le Floyd Patterson agus Ernie Terrell.  Rinne sé ceap mhagaidh de Joe Frazier, rud a chuir náire ar Ali ina dhiaidh sin.  Thuig Ali go ndeachaigh sé thar fóir.  Bhí sé crúálta.

17.  Tháinig Ali go hEirinn i 2009 nuair a bhuail sé lena mhuintir in Inis i gcontae an Chláir. Tháinig sean seanathair Ali, Abe Grady ó Inis.

———————————————————–