Irish – Scéalta for Leaving Cert Honours

Scéal  1.             “ Níl aon tinteán mar do thinteán féin”.         B. Lambe

Rugadh Seán O Riain i mBaile Átha Cliath i 1950.  Ba dhuine thar a bheith neamhchasta é – bhí chuile rud dubh nó bán.  Thit sé i ngrá le Betty in aois a mhaitheasa (mar a cheap sé féin) – tar éis dó a bhreithlá a chéiliúradh.  I ndairíre, ní raibh sé ach scór bliain d’aois.  Bhí dúil an chait sa cheol aige – na Beatles agus a n-amhrán ‘Help’  go háirithe.   Bhí briathra trua á chanadh aige agus iad le cloisteaíl san amhrán, dar le Seán.   Ar an séú lá déag de mhárta, bhraith Seán gan solás ar bith, (nuair a chuala sé an t-amhrán arís) – mar b’shin an lá a bhí sé ar tí Betty a phósadh.  Dhiúltaigh Betty é.  Bhí sé croí-bhriste.  Bhí sé ag dul as a mheabhair.  Thréig sé a bhaile féin.

Dublin v Limerick - GAA All-Ireland Senior Hurling Championship Quarter-Final

David O'Callaghan - Áth Cliath

Bhí a mháthair go mór trí chéile.  Fuair Frainc, a fear chéile bás dhá bhliain roimhe sin.  An mhaidin úd sin, an seachtú lá déag de mhárta dhúisigh sí ag breacadh an lae.  Níor chodail sí néal an oíche sin.  Ghortaigh sí a droim an mhaidin roimhe, agus bhí an pian millteanach.  Shiúil sí thios staighre go mall stadach.  Bhí nóta ar an mbord di.  Ba mhór an díomá di a leithéid a fheiceáil:

“A mham, caithfidh mé imeacht ar feadh tamaillín.  Tá neart fadhbanna agam.    Tá brón orm.

Do Mhac

Seán

Shuigh sí síos.  Thit na deora go fuíoch.  Thuig sí nach bhfeicfeadh sí a mac riamh arís.

Shroich Seán Ó Riain Learpholl ag meánlae.  Bhí sé marbh tuirseach.  Bhí sé ag taisteal ar feadh breis is sé huaire.  B’fhuath leis na báid.  Ní raibh pingin rua fágtha ina sheilbh aige.  Thóg sé an bus áitiúil isteach i dtreo na cathrach.  Fuair sé seomra i mbrú San Uinseann de Phól.    Buíochas le Dia, bhí na béilí tugtha san áireamh.  Ba mhór an buntáiste é sin dó.  Thuig sé go mbeadh air jab de shaghas éigin a fháil.

Bhíodh na scéalta á scaipeadh ina loisceadh sléibhte sa bhaile, faoi na postanna a bhí ar fáil sa chathair.  Ach, bhí an saol ag tarraingt ina choinne.  Ní raibh Seán in ann aon phost a aimsiú – fiú post páirtaimseartha.  Ní raibh taithí aige ar an ngnó.  Níor ghlac na comhlachtaí éagsúla leis .  Chuirfidís scéal chuige dá mbeadh post le líonadh.  Chuala sé na focail chéanna i ngach aon áit a raibh sé ann.  In umar na haimléise a bhí sé agus dubh dóite lena shaol chun cur leis.  Cheap sé nach mbeadh ina shaol ach buaireamh, an bhrón i ndán dó i gcónaí.  Shiúil sé isteach sa siopa beag suarach a bhí in aice leis.  Thiontaigh sé ar an gcrannchur d’fhonn greim a fháil ar shuim airgid.

An Oíche sin – agus é ina shuí os comhair na teilifiseáin lena thicéad, agus é ag stánadh ar an scailéan, a mhéara trasna a chéile, thosaigh Seán ag smaoineamh ar na daoine saibhre a bhí in ann rud ar bith a cheannach.  Cheap sé go raibh rachmasóirí an domhain seo ar mhuin na muice.  Cad a dhéanfadh sé féin dá mbuafadh sé an duais mhór?  An rachadh sé abhaile?  An bpósfadh Betty ansin é?

Scaoileadh na liathróidí isteach sa bhairille.  Bhí na ceisteanna céanna fós a chrá.

Tharla go raibh ceithre uimhir as sé aige.  D’iompaigh an roth air.  D’eirigh leis trí chéad punt a bhuacháint.

Go luath ar maidin, bhí Seán ar a bhealach go Londain.  Duine saibhir ba ea é faoin am seo le bun deas airgid ina phóca aige.  Bhain sé a cheann scríbe amach i Kilburn luath go leor an iarnóin sin.  Tar eis tamaill, áfach, bhí fhios aige nach bhfanfadh sé ann.  D’aithin sé go soiléir nach raibh muintir Londain cairdiúil.  Bhí daoine bochta ina gcodladh ar an gcosán mar thor caite a chuirfí i mbearna.  Chuardaigh sé áit chónaithe, ach bhí an cíos ró-ard nó an áit ró-shalach.  In arasán amháin, thug sé faoi deara ciaróg dhubh, mhór, ag rith ar nós na gaoithe, trasna an urláir.

Istigh i gcaife beag bídeach ag ól tae a bhí sé.  An imprisean a bhí aige ná go raibh neart foréigin timpeall cathair Londain.   Taobh amuigh den fhuinneog, bhí baicle gaiginí ag bualadh fear óg gan stad.  Bhí cuma uafásach ar an áit nár thaitin leis, ach cad a dhéanfadh sé?  Thosaigh na smaointí ag teacht isteach ina cheann go dtuile.  Mar seo a bhí rudaí ag dul, rachadh sé chuig áit nua agus d’fhanfadh sé ann ar feadh tamaillín.  Ní chuirfeadh sé aithne ar éinne.  Gheobhadh sé post agus d’oibreadh sé go crua.  Thuillfeadh sé airgead, agus ansin bheadh sé imithe arís.  An seanphort céanna go deo go deo !!

Bhí tréimhse maith fada caite ag Seán i bPáras ach b’fhuath leis an cathair.  Chaith sé seachtain amháin i Lille i dtuaisceart na Fraince, ach ní i bhfad a d’fhan sé ann.  Bhí post aige mar thiománaí bus i Munich, sa Ghearmáin ach; D’eirigh sé bréan de sin chomh maith.  Lean sé ar aghaidh go Bonn – an áit ar tharla an tubaiste ba mhó ina shaol dó.

Thaitin Bonn i slí éigin le Seán.  Áit uaigneach ba ea í, dar leis.  Duine uaigneach ba ea é fós.  Bhí sé ag obair in ollmhargadh i rith an lae.  Istoíche, bhí post aige mar fhear dorais i gclub oíche. Oíche amhain, bhí Seán ag obair le beirt eile.  Rinneadh ionsaí air féin agus ar Dietmar,  fear eile a bhí ag obair leis.  Bithiúnach a bhí ar meisce a rinne an rud fealltach dóibh.  Cailleadh Dietmar.  Fágadh Seán ina chláiríneach, bocht.  Tógadh ar ais go hÉirinn é.

Bhí Seán ag tnúth lena mháthair a fheicéail arís.  Trí bliana a chaith sé leis féin – trí bliana gan glaoch teileafóin a chur uirthi – trí bliana gan litir a sheoladh chuici.  Conas a bheadh sí?  An n-aithneódh sí é fiú?  An mbeadh fearg uirthi?

Ba í a dheirfiúr, Máire, a chonaic sé i dtosach.  Bhí sí go hálainn agus í sna fichidí anois.  Bhí sí ard, caol agus gruaig fhada dhorcha uirthi.  Ba mhór an difríocht a chonaic Seán inti agus é ag druidim gar di.  Chuardaigh sé timpeall.  Ní raibh a mháthair ann.  Drochscéal a bhí le hinsint ag Máire.  Chuala sé na focail crua.  Taom chroí, a mhinigh sí dó, agus tocht ina glór.  Bhí fhios aige féin gur briseadh croí ba chúis lena bás.

Ó shin, scríobh Seán leabhar.  D’admhaigh sé sa leabhar sin nach raibh an ceart aige a áit dhúchais a fhágail.  D’admhaigh sé nár thaitin na blianta thar lear leis agus mhínigh sé conas a chuir bás a mháthar isteach air.  Rugadh leanbh dá dheirfúir eile, Sínead.  Ba léir dó ina leabhar, gur chuir sé trí bliana amú – gur chaill sé trí bliana ina cheantar féin.  Duine iontach ba ea é an leabhar a scríobh agus é ina chláiríneach.  Agus an teideal a chuir sé ar an leabhar seo ná “ Níl aon tinteán mar do thinteán féin”.

———————————————————————–

Chuaigh Dean Rock go CUS. Fear mór na Gaeilge a bhí ann.

Laois v Dublin - Cadbury Leinster U21 Football Championship Final

———————————————————

Scéal  2 .                                  Díomá                   —                 B. Lambe

Refer to the title 2 or 3 times during the ‘ scéal ‘.

1.  Bhí go leor scéalta amuigh sa sráidbhaile faoin  seanbhean  úd, Siobhán.  Cé  nach raibh  aon rud cearr leí, dúirt na páistí gur chailleach a bhí inti.  Mhol tuismitheoirí dúinn í a sheachaint, mar bhí sí an- chontúirteach.

2.  Is maith is cuimhin liom féin go mbíodh eagla orm nuair a bhínn ag siúl liom féin thar a bothán beag ar imeall na coille agus mé ag  filleadh ón scoil. Bhí an aimsir go binbeach an oíche gheimhridh sin. Bhí dorchadas na hoíche ina fallaing ar an bhfód agus mé ag teacht abhaile ón séipéal le beirt chara liom, Aisling Ní Shé agus Pól  de Brún.

Chinneamar ar bhualadh ar dhoras shean Shiobhán sa dúshlán.  Duine ar dhuine, chnagamar go láidir ar dhoras mór aisteach an tí.  Áit sceirdiúil a bhí anseo.  Ní raibh duine ná deoraí ann ach geallaimse duit go raibh mo chroí i mo bhéal agam, go  háirithe nuair a chuala mé an torann ón doras.

Ansin thosaigh sé ag cur báistí go trom. Bhíomar fliuch go craiceann agus ba ghearr go raibh mo chairde agus mé féin istigh sa bhóthán beag ar chúl an tí mhóir.  5. Go tobann, rith Pól i dtreo an tí

ar nós na gaoithe.  D’oscail sé an doras ar chúl agus shiúil sé

isteach. Bhí sé an- neirbhíseach.   Níorbh fhada gur chuala mé Pól ag scréadach.. Gheit mo chroí le heagla.  Bhí Aisling ar shéala ( intended) dul abhaile agus í ag gol ach stop mé í mar bhí sé chomh dubh le pic faoin am.

Ní bheadh sí slán ag dul abhaile ar an mbóthar uaigneach go mór mór tar éis cúpla cailín a chuaigh ar strae.  B’iad na focail a dúirt mé léi, ach chun an fhírinne a insint, bhí eagla an domhain orm féin freisin.

Bhí sé ag druidim isteach le haimsir chodlata an uair sin agus bhí a fhios agam go mbeadh ár dtuismitheoirí an- bhuartha fúinn ach bhí fonn orm dul isteach sa teach mór.  Tháinig dúil an chait agam ann !

Chuaigh Aisling isteach agus bhí mé cos ar chois léi go dtí an teach mór.  Bhí ciúnas na reilige sa teach agus chualamar an leoithne (breeze) tríd na hallaí (halls)ach bhí ionadh orm mar bhí an seomra néata agus thug mé faoi deara go raibh a lán pictiúirí ar na ballaí.

Bhí macalla láidir sa seomra.  Ansin, chuala mé torann in aice an staighre.  Bhí Pól ann ag crith le heagla agus  bhí saothar air ( out of breath ).  Lig sé béic as cúpla nóiméad roimhe sin mar chonaic sé an scáth agus cheap sé gur taibhse a bhí ann.

Cheapamar nach raibh duine ná deoraí ann.  Go tobann, chualamar guth ón seomra eile.  Bhí an seanbhean – Siobhán ina seasamh le h-uafás.  Bhíomar ar tí rith amach, ach rith sé liom go raibh a croí ag sciobarnaigh le háthas.

Ni fhéadfainn focal a rá ach thosaigh sí ag caint i nglór bog inchloiste agus chuir sí sinn ar ár suaimhneas.  Thug sí dinnéar agus tuáillí dúinn.  D’itheamar ár ndóthain.   Bhí cairdeas diomhair éigin ag baint leis an áit ach níor thig liom focal a chur ar an áilleacht a bhí ann.

Chaitheamar fhadthréimhse ag caint.   Bean chiúin chiallmhar b’ea í nach raibh dúil in achrann ná i dtoirmeasc aici.   Bhí sí gléasta in éadaí daite agus bhí sí cosnocht, ingne beaga daite a cos ag glioscarnach.

D’inis sí dúinn faoina  saol uaigneach ó fuair a fear céile bás.  D’éisteamar go géar leis na scéalta.  Chuireamar ceisteanna uirthí gach cúpla nóiméad.

Níor bhraith mé an t-am ag sleamhnú thart.  Dúirt sí linn nuair a fuair a fear céile bás nach ndeachaigh sí amach ar chor ar bith.   Chuaigh ráfla amach i measc na ndaoine  – dá thoradh – go raibh sí aisteach agus dáinséarach.

An mhaidin ina dhiaidh sin, shuíomar síos chun béile na maidine a chaitheamh. An- bhlasta a bhí sé.  Ní raibh sé ach ite agam nuair a smaoinigh mé ar mo thuismitheoirí.   Dúirt mé le Siobhán go mbeidís dár lorg.

Tar éis an bhricfeasta, ní raibh an dara rogha againn ach dul abhaile le chéile.

Ar an mbealach abhaile, bhuaileamar lenár dtuismitheoirí.  Bhí siad an- imníoch fúinn.  Nach orthu a bhí an t-ionadh nuair a thuig siad conas a chaitheamar an oíche.   Ba ghearr gur scaip an scéal ina loisceadh sléibhe ar fud an bhaile.

Tuigeadh den chéad uair nach raibh sa tseanbhean ach créatúr uaigneach aonarach.  I ndiaidh a chéile, thosaigh daoine ag comhrá léi.   D’fhás cairdeas i ndáiríre.

Amach ansin, bhí sí go flaithiúil lena cuid airgid agus bhí comhluadar aici gach oíche.  Ceapaim féin go raibh rogha ciallmhar déanta aici, mar dá bharr sin, ní raibh sí ar an imeall níos mó. Bhí comhluadar daoine aici – cairde.

Is máthair anois mé agus bím i gcónaí ag cur ina luí ar mo pháistí fhéin nach ionann i gcónaí an cófra is a lucht agus nach mar a shíltear  a bítear.

Feicimid an ‘ mhíthuiscint ‘ a bhí ann.    (  Reference back to the title…………….

——————————————-  deireadh ———

Muhammad Ali

Scéal  3 .

Ó cheann ceann na cruinne,  feictear é seo  i ngach aon saol, ón Uachtaran go dtí na boicht.  Caitear a admháil go mbaineann an fhadhb seo le gach duine daonna.  Ar aon nós, seo mar a tharla do Liam.  Is náireach é,  mar seo scéal, faoi fhear macánta comónta.  Duine lách cineálta ba ea é, a bhí ina chónaí in áit plódaithe le hanás agus le bochtanas.

Meicneoir gairmiúil ab ea é ach bhí sé ag maireachtáil ar an ngannchuid.

D’aimsigh sé post suarach leadránach nuair a bhí scrúdú na hArdteistimeireachta déanta aige.

Ní raibh go leor airgid ag a thuismitheoirí chun oideachas tríú leibhéal a sholáthar dó. D’aimsigh sé ionad mar phrintíseach ar an bpointe.

D’oibrigh sé ó dhubh go dubh ar a dhícheall, áfach gan luach. Fear santach sprionlaithe ba ea a fhostóir.  In umar na haimléise a bhí sé agus dubh dóite lena shaol, chun chur leis.  Bhí saoire ag teastáil uaidh, ach déanta na fírinne, bhí rudaí mar seo thar a achmhainn ní raibh taisce dóthain airgid bailithe aige.  Cheap sé nach mbeadh ina shaol ach buairt agus an brón i ndán dó i gcónaí.

D’imreódh sé an Chrannchur Naisiúnta gach seachtain gan teip.  Taibhríodh dó go mbeadh sé ina mhilliúnaí agus go mbuafadh sé an méid sin sa Chrannchur Náisiúnta.  Samhlaíodh dó go mba mhaith leis gluaisteán spórtiúil, teach mór aonair agus cúpla só eile a cheannach.  Ach le himeacht aimsire, thráigh a aisling.  Bhí arasán ar cíos aige agus sul i bhfad, ní raibh sé ábalta a fhiacha a ghlanadh agus thiontaigh sé ar an gCrannchur arís d’fhonn gréim a fháil ar shuim airgid.

Oíche nimhneach Geimhridh amháin agus é ina shuí ós comhar an teilifíseáin lena thicéidí mar ba ghnách, é ag stánadh ar an scáileán, a mhéara trasna a chéile, thosaigh sé ag smaoineamh ar na daoine saibhre a bhí in ann rud ar bith a cheannach.  Ceapadh futhu go raibh siad ar mhuin na muice.  Dá mbuafadh sé an duais mhór, rachadh sé ar saoire agus chuirfeadh sé roinnt de i dtaisce.  Scaoileadh na liathróidí isteach sa bhairille.  Tharla go raibh cúig uimhir as cúig aige.

Thosaigh sé ag barcadh allais (dúirt sé faoin a anáil nach uimhir a naoi a bheadh ann –  mise an buaiteoir, beag baol ).  Tháinig an uimhir dheiridh, uimhir a naoi as an mbairille agus gheit a chroí le háthas.  Phreab sé ina sheasamh agus dóbair dó titim.  Bhí greim an duine báite aige féin ar a thicéad.  Ba mhór an faoiseamh dó agus bhí sé ag tnúth le caitheamh raidhse airgid.

Ní bheadh ann ach rabairne maidir leis an airgead as seo amach.  Eisean a bhuaigh an pota óir.

Chodail sé go headra agus chuaigh sé go dtí oifig a fhostóra chun a phost a thabhairt chun críocha.  Agus é ar an tslí abhaile rinne sé miongháire ó chluas go cluas.  Ghluais sé ar aghaigh go dtí oifig an Chrannchur Náisiúnta chun a sheic a bhailiú.  Bhí daoine na preais bailithe timpeall Liam i bhfaiteach na súl.  D’fhág sé an oifig a        luaithe is a bhí an t-airgead aige mar gheall ar a mhíshuaimhneas agus a imní.

Ba ghearr gur scaip an scéal ina loisceadh sléibhte ar fud an bhaile.  Tháinig bacach amháin, chráigh sé Liam gach uile áit ina raibh sé.  Fuair sé litreacha freisin ó  dhaoine ag iarraidh airgid agus ag agairt a gcúise.  Níor mhór an chodladh a dhein sé.  Bhí saol corrach aige ansin.

Fad a bhí sé ag lorg sonais agus suaimhnis, thug sé faoi deara go raibh sé deacair cairdeas a cothú le   daoine mar bhí a lán cairde bréaga aige agus é ag caitheamh a airgid go fairsing.  Nuair a thitfidh rógairí amach tiocfaidh an duine macánta ar a chuid féin.

Cé go raibh sé saibhir ó thaobh airgid de, cheap sé nach raibh té eile níos boichte ná é.  Bhí an iomarca ama saoir aige agus go luath ina dhiaidh sin, bhí a shaol ag cur isteach air, ach ní raibh aon dul as aige.  Níor ith sé ach bia mífholláin agus ní nach ionadh gur tharla taom croí dó.

Bhí snua an bháis air.  Ní raibh cara amháin aige in am an  riachtanais agus bhí sé rite anuas.  D’fhoghlaim sé cleacht tábhachtach,  ba léir dó gur fearr an tsláinte ná an táinte.  D’íoc sé go dóite as, agus chas a thaibhreamh ina thromluí.  Is glas iad na cnoic atá i bhfad uainn.

(740 focail approx)

————————————————————–

Scéal  4 .

Katie Taylor

1.  Ar a bhealach go dtí an t-Aerfórt a bhí Séamus Ó Tuama nuair a chuimhnigh sé ar an  seanfhocal “An té a bhíonn thíos buailtear cos air ”Meas tú an mbeidh an seanfhocail sin fíor i mo chás fein agus mé thar lear, ‘ a d’iarr sé ar fhéin go soineanta.

2.  D’ól sé cupán tae i mbialann an Aerfoirt agus é ar a bhealach go Somalia. Bhí sé díreach tar éis slán a fhagáil lena mhuintir agus bhí sé ag mothú beagaínín beag uaigneach. Pé scéal é, bheadh sé saor agus neamhspleach sula I bhfad.  Shroich an scáirdeitlean Aerfórt Mogodiscio an mhaidin dár gcoinn ag tarraingt ar a hocht a chlog.

3.  Bhí aistear iontach tosaithe aige ach chun na fírinne a rá, bhí sceitimíní athais air. Bhí grian gheal na hafraice ag scoilteadh na gcloch cheana féin,(already) ní raibh oiread is puth ghaoithe ag séideadh agus i ngach áit bhí torann millteanach.Chuir Seán Ó Ceallaigh, ón eagraíocht ‘Gorta’, fáilte agus fiche roimhe agus é ag fanacht ar a mhalaí.

4.  Dúirt Sean leis go mbeadh obair shuntasach shásúil le deanamh aige i Somalia.

4.  Chodail sé go sámh an oíche sin agus nuair a d’éirigh sé ar maidin cé a bhí ag fanacht leis ach Sean Ó Ceallaigh agus beirt fhear croíúil (hearty) in eindí leis. Nuair a bhí a bhricfeasta caite ag Séamus, thosaigh siad ar thuras dhá céad míle nó mar sin go ceantar Bardera in iarthar na tíre.

5.   Shroicheadar Bardera le breacadh an lae agus ní chreidfeá an radharc a bhí os a gcómhair amach. Gheit mo chroí le heagla.  Daoine gan bia daoine gan eadaí; daoine gan dídean. Ní páirceanna glasa na hEireann a bhí le feiceáil ach fásach fiáin agus i ngach uile áit gaineamh, gaineamh, gaineamh.

Katie ag imirt sacair ar fhoireann na hÉireann

6.  Ar shos óna chuid scolaíochta a bhí Séamus Ó Tuama.  D’fheach sé ar a uaireadóir.  Bhí sé leathuair  tar éis a haon, Dé Aoine 11 Meitheamh. Bheadh a chomhdhaltaí ag tosú ar an scrúdú Gaeilge, Paípéar a hAon sa diabhal ( bloody) Ardteist agus eisean san Afraic ag tabhairt faoina obair dheonach.

7.  Bhi sé ag ceapadh go raibh íoroín an-ait ag baint leis an scéal: mí na scrúduithe in Eirinn agus mí an bháis san Afraic. Ach ba chuma leis faoi na scruduithe. Ní raibh gá ghéar leis an obair dheonach seo, ach nár gheall sé do Dhia go dtabharfadh sé faoin obair dheonach dá dtiocfadh a mhathair bhocht slán óna hobráid mhór a bhi aici leathbhliain ó shin.

8.   Bhí sé gar do Champa Gorta lá amhain nuair a chonaic sé fear cráite caite. Duine le Dia a bhí ann. Fear nach raibh dúil in achrann ná i dtoirmeasc aige. Rinne Séamus iarracht cabhair a thabhairt dó ach, mo léan go deo, nár thit an creatúr bocht i laige. Fuair sé bás ós a chomhair amach agus ghoill sé sin go mór ar Shéamus.

9.   De reir a chéile, bhí an t-am ag sleamhnú thart agus bhí míshuaimhneas agus uaigneas ag teacht air agus thosaigh sé ag machnamh ar ghleannta glasa na hEireann, ar a chomhdhaltaí agus go mór mhór ar a theaghlach.

10.  Bhí na céadtá ag fáil bháis chuile (gach ) lá. Ba ghearr gur scaip an bás ina loisceadh sléibhe ar fud an bhaile. Bhí gasúr beag ar leaththaobh an bhóthair. Chuir sé a lámha thart air.  Bhí an créatuir ag breathnú ar Chathal lena shúile mhóra donna. Bhí sé ag fáil bháis gan trócaire.

Katie Taylor

11.  Bheartaigh(decided) Séamus dul ar ais chuig an Uaimh, ar ais chuig a chomhdhaltaí agus ar ais chuig a chlann. Ba ansin a smaoinigh sé arís ar an seanfhocáil  “An té a bhíonn thíos buailtear cos air” .  Bhí sé ag ceapadh go raibh an seanfhocail sin fíor i gcás mhuintir Somalia. Bhí siad thíos mar gheall ar an Ghorta a bhí orthu, ach buailtear cos orthu. Bhí siad ag fáil bháis: bhí said gan éadaí; gan bia; gan dídean ach go mor mhór bhí siad gan dóchas agus gan síochán.

12.    I ndiaidh an Ghorta, tháinig cogadh millteanach, tar éis cogadh tháinig níos mó bháis. Bhí muintir Somalia thíos agus in ísle brí.  Ach ag an am chéanna, bhí an ‘ misneach ‘ le feiceáil i súile na ndaoine.  Thuig Séamas fírinne an seanfhocail ‘ …… ‘ .

13.    Chomh maith le sin, bhí an seanfhocal sin fíor ina chás féin. Bhí Séamas thíos, tar éis na hobráide móire a bhí ag a mhathair féin,  ach nuair a shroich sé Somalia, bhuail an saol cos air.  Chonaic sé daoine cráite, gan dóchas  agus gan dídean.  Casadh an bás air, an rud a bhí ina intinn aige nuair a bhí a mháthair san ospidéal.

14.    D’fhoghlaim mé an ceacht ‘ Mol an óige agus tiocfaidh sí ‘

———————    deireadh   —————————

——————————————————————————–

Advertisements