Irish – Scéal for Junior Cert

Scéal  –  Paper One   –     JUNIOR CERT

Tar éis an cluiche, bhí mé féin agus mo dheartháir Gavin ag siúl abhaile go tapaidh mar bhíomar déanach don dinnéar. Dúirt mé le mo mháthair go mbeimis sa bhaile roimh a sé a chlog.  Oíche stoirmiúil a bhí ann. An mbeimis in ann an baile a bhaint amach in am ? ?

Bheadh mo thuismitheoirí buartha agus bheidís an- chrosta linn.  Leanamar  orainn ag siúl.  Ní raibh duine ná deoraí le feiceáil in aon áit. Cad a tharlódh dá rachaimís ar strae ?

Go tobann , tháinig gluaisteán timpeall an chúinne. Ní fhacamar ach na soilsí móra. Ní fhéadfainn focal a rá. Bhí mé i mo sheasamh díreach i lár an bhóthair. Tháinig mearbhall orm. Chuala mé scread na gcoscáin. Leag an tiománaí mo dheartháir. Bhí sé gan aithne gan urlabhra. Bhí fuil i ngach áit. Thosaigh mé ag crith le heagla. Léim an tiománaí amach as an gcarr agus thosaigh sé ag impí trócaire orm.

Ansin , chuir sé fios ar an otharcarr. Tháinig siad ar an láthair gan mhoill. Ba bheag nár thit mé i bhfanntais nuair a chonaic mé an pian ina raibh sé. Thug mé íde béil don tiománaí ach chiúnaigh an garda mé.  D’ullmhaigh siad mo dheartháir agus ansin chuir siad isteach san otharcarr é.  Shroich mo thuismitheoirí an t-ospidéal níos déanaí.  Bhuail sceon iad nuair a chonaic siad cé chomh gortaithe is a bhí mo dheartháir.  Cheap m’athair go raibh dath an bháis air.  Chaith mo dheartháir coicís go leith san ospidéal.

Tar éis an chéad seachtain, tháinig biseach mór air. Bhí gliondar orainn go léir, an dul chun cinn sin, a fheiceáil. Bhí Gavin ag teacht chuige féin arís. Nuair a bhí sé ar an mbarda, d’éirigh sé cairdiúil le cúpla duine.

Bhí Shay Given , an cúlbaire le Man City san ospidéal ar feadh dhá lá, gortaíodh é, ag imirt in aghaidh Liverpool sa léig. Bhí mise ag comhrá le Shay ar feadh cupla nóiméad faoi chúrsaí sacair i Sasana, ach faoi dheireadh bhí Gavin ag imeacht abhaile agus bhí díomá orm nach mbeinn ábalta níos mó cainte a dhéanamh le Shay Given. Ní dhéanfaidh mé dearmad go deo ar an ócáid sin.

———————————————————————–

 

Advertisements