Brian O’Driscoll

Brian O’Driscoll…..laoch rugbaí.

 

D’imir Brian O’Driscoll ar fhoireann na hÉireann don chéad uair i1999. Bhí Brian 20 bliain d’aois ag an am. Bhí Éire ag imirt in aghaidh na hAstráile agus bhuaigh na hAstrálaigh an cluiche 46 – 10. Cúpla mí ina dhiaidh sin bhuaigh siad Corn an Domhain.   

 

Cé go raibh sé i gcoinne Daniel Herbert a sheas 6’ 2’’ agus  a bhí breis is 16 chloch de mheachain, bhí O’Driscoll ar fheabhas. Tar éis an chluiche, bhí ardmholadh ag Herbert don bhuachaill óg cróga a sheas ina choinne. Bhí Herbert cinnte go mbeadh ról lárnach (important role) le himirt ag O’Driscoll i rugbaí na hÉireann.

 

Sa bhliain 2000, bhí an bua ag foireann na hÉireann i bPáras don chéad uair i 27 bliain. Fuair O’Driscoll trí úd (3 tries) sa chluiche agus bhris sé Philippe Bernat-Salles i leath le greamú (tackle) mór go luath sa chluiche. Le Keith Wood sna tosaithe agus O’Driscoll sna cúlaithe, bhí treoraithe (leaders) ag an bhfoireann. Is as sin a thosaigh athbheochan rugbaí na hÉireann.

 

Bhí O’Driscoll ar ais san Astráil in 2001 leis na Leoin. Scóráil sé ceann de na húid is fearr riamh sa chéad chluiche agus dúirt an tráchtaire Stuart Barnes “They call him God back home,I reckon he is better than that”.

 

Anois, bhí an domhan ar fad ag féachaint ar an laoch seo. Gach uair a leag sé lámh ar an liathróid, bhí gach duine ag súil le rud speisialta. Idir 2001 agus 2009 rinne sé gach iarracht chun rugbaí na hÉireann a fheabhsú.   

 

Bhí sé ag imirt le foireann Laighean,ach cheap gach duine go raibh Cúige Mumhan níos fearr ná na Laighnigh. Ach i 2009 bhuaigh foireann Laighean ar Chúige Mumhan i bPáirc an Chrócaigh i gcluiche leathcheannais Chorn Heineken. Bhí O’Driscoll thar barr sa chluiche. Lean foireann ar aghaidh agus bhuaigh siad Corn Heineken an bhliain sin. Bhí Brian ar fhoireann na hEireann nuair a bhuaigh siad an Grand Slam ina dhiaidh sin.

 

Gura fada go raibh imreoirí mar O’Driscoll ag imirt d’Éirinn.

——        ———–       ———–             —————-                ——————

 

(a) Cén aois a bhí ag Brian O’Driscoll nuair a d’imir sé d’Eirinn don chéad uair ?

(b) Cathain a d’imir sé d’Eirinn don chéad uair ?

(c) Cad vé an scór sa chluiche sin ?

(d) Céard dúirt Daniel Herbert faoi Brian ?

(e) Cad a tharla i bPáras sa bhliain 2000 ?

(f) Cé mhéid úd a fuair Brian sa chluiche sin ?

(g) Ainmnigh duine amháin a bhí sna tosaithe d’Eirinn sa chluiche sin.

(h) Cathain a chuaigh Brian go dtí an Astráil leis na Leoin ?

(i) Cad dúirt Stuart Barnes faoi Brian ?

(j) Cad a rinne Brian idir 2001 agus 2009 ?

————————————————————